Thursday 1 October 2015

Ar an Bhalla

Ar an Bhalla

Seo mise ar an bhalla. Cluinim an slua taobh thiar díom, dríodair na ndaoine ag tréigint an dioscó san Óstán Grand. Díonta na tithe ag titim uaim le fána. Amach romham, an trá. Ansin, sea, an fharraige, ag luascadh is ag análú, gan aird ar bith orm.
Ruabhéic óm chúl. “De fucc, cá bhfuil tú?”
Thíos fúim, níl ach dorchadas, dorchadas domhan, mar a mbeadh in uaigh faoi méachan na tonnta.
Léim? Tit? Seo mise ar an bhalla. Go síoraí.

30.9.2015 © Dave Duggan

Wednesday 30 September 2015

Mo Scáil san Abhainn

Mo Scáil san Abhainn

Liom féin in ascaill na coille,
Duilleoga ar snamh
I gcraiceann an uisce,

Loinnir na gréine anuas 's aníos
Gan solas ar bith i mo shuilibh

Bheadh deireadh le deacracht
I measc na nduilleog

Ach tiontaím mo dhroim leo inniu.

©  Dubhán Ó Longáin 2015

Thursday 24 September 2015

Peann ar Pháipéar 1

abhann

siosarnach
tchí ordóg

iomrá crann
ceal duilleog

tchí bradán
tchí cuileog

i bhfoisce -
glacaim póg

blaisim iasc
mothaím óg

beo feasach
beath-naomhóg

ar dhian shruth
le siosóg


Dave Duggan 23.9.2015